Jump to content

Andy Burnham

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAn Ró-Onórach Cuir in eagar ar Wikidata
Andy Burnham

(2026) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Andrew Burnham Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Andrew Murray Burnham Cuir in eagar ar Wikidata
7 Eanáir 1970
56 bliana d'aois
Aintree, England Cuir in eagar ar Wikidata
Aire na Státseirbhíse
20 Iúil 2026 –
← Keir Starmer
81 Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe
20 Iúil 2026 –
← Keir Starmer
Aire an Aontais
20 Iúil 2026 –
← Keir Starmer
Céad Tiarna an Státchiste
20 Iúil 2026 –
← Keir Starmer
Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre
16 Iúil 2026 –
← Keir Starmer
Ball den 59ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
18 Meitheamh 2026 –

Toghcheantar: Makerfield

Member of the Greater Manchester Combined Authority (en) Aistrigh
8 Bealtaine 2017 – 18 Meitheamh 2026
1 Méara Mhórcheantar Mhanchain
8 Bealtaine 2017 – 18 Meitheamh 2026 (dícháiliú)
← Tony Lloyd – Paul Dennett →
Scáth Rúnaí Baile
13 Meán Fómhair 2015 – 6 Deireadh Fómhair 2016
← Yvette Cooper – Diane Abbott →
Ball den 56ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
7 Bealtaine 2015 – 3 Bealtaine 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Leigh

Shadow Secretary of State for Health and Social Care (en) Aistrigh
7 Deireadh Fómhair 2011 – 13 Meán Fómhair 2015
← John Healey – Heidi Alexander →
Scáth-Rúnaí Stáit um Oideachas
8 Deireadh Fómhair 2010 – 7 Deireadh Fómhair 2011
← Ed Balls – Stephen Twigg →
Shadow Secretary of State for Health and Social Care (en) Aistrigh
12 Bealtaine 2010 – 8 Deireadh Fómhair 2010
← Andrew Lansley – John Healey →
Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
6 Bealtaine 2010 – 30 Márta 2015 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Leigh

Rúnaí Stáit Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh
6 Meitheamh 2009 – 11 Bealtaine 2010
← Alan Johnson – Andrew Lansley →
Rúnaí Stáit Cultúir, Meán agus Spóirt
25 Eanáir 2008 – 5 Meitheamh 2009
← James Purnell – Ben Bradshaw →
Príomh-Rúnaí an Státchiste
28 Meitheamh 2007 – 24 Eanáir 2008
← Stephen Timms – Yvette Cooper →
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
2007 –
Ball den 54ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
5 Bealtaine 2005 – 12 Aibreán 2010 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Leigh

Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
7 Meitheamh 2001 – 11 Aibreán 2005 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Leigh

Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Fitzwilliam, Cambridge
Ollscoil Cambridge
Hope Academy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaithe10 Downing Street (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisBéarla
Dathán gruaigeGruaig dhonn agus gruaig liath
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain
Mórcheantar Mhanchain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmspecial adviser (en) Aistrigh (1998–2001), researcher (en) Aistrigh (1994–1997), riarthóir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí an Lucht Oibre
Co-operative Party (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Conair
  Foireann Comórtas
- Leigh Genesis F.C. (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileMarie-France van Heel (2000–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRoy Burnham (en) Aistrigh

Suíomh gréasáinandyburnham.org.uk Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2565211 TMDB.org: 2302996
Facebook: burnhamgm X: andyburnham Bluesky: andyburnham.bsky.social Instagram: burnham4makerfield Youtube: UC1MilwN6w218OFkgRrR2RMA Youtube: AndyBurnham TikTok: andy.burnham Goodreads author: 7178429 Cuir in eagar ar Wikidata

Príomh-aire na Ríochta Aontaithe de chuid Pháirtí an Lucht Oibre is ea Andrew Murray Burnham (rugadh é ar an 7 Eanáir 1970 i Learpholl).

2009
Aire Sláinte, 2009
2014
2024
21 Iúil /2026, Bath

Bhí sé ina Fheisire Parlaiminte do Leigh idir 2001 agus 2017.

Ceapadh é ina mhéara ar Mhórcheantar Mhanchain sa bhliain 2017.

Le linn ghéarchéim cheannaireachta Pháirtí an Lucht Oibre in 2026, bhí an-chaint ar Burnham mar chomharba Keir Starmer.[1] Roghnaíodh mar iarrthóir sa bhfothoghchán 2026 i Makerfield é.[2] Thug an bua sin deis dó a bheith ina iarrthóir i dtoghchán ceannaireachta Pháirtí an Lucht Oibre ina dhiaidh sin.

Ar an 22 Meitheamh 2026, d’fhógair an t-iarphríomh-aire Keir Starmer, go n-éireodh sé féin as an bpost, sin ceithre lá tar éis do Burnham suíochán mar MP a bhuachan, suíochán a cheadaigh dó tabhairt faoin bpríomh-aireacht.

Ceapadh é ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre na Breataine ar an 17 Iúil 2026.

Ar an 20 Iúil 2026, chuaigh Burnham chuig Pálás Buckingham le haghaidh shearmanas na ndintiúr, an cúigiú Príomh-Aire sa Bhreatain le ceithre bliana.[3] Ansin thug sé óráid i Sráid Downing inar leag sé amach an fhís a bhí aige mar Phríomh-Aire agus inar thug sé eolas ginearálta faoi na polasaithe atá ar intinn aige a chur i bhfeidhm. D'fhógair Burnham go réiteodh sé plean nua deich mbliana don tír. Gheall sé go ndéanfadh sé “na hathruithe is mó a tharla le 40 bliain” agus go dtabharfadh sé isteach “múnla nua polaitíochta agus múnla nua eacnamaíochta”.[4]

Dúirt sé gur ar an gcostas maireachtála a dhíreodh sé ar an gcéad dul síos. Mhaígh sé gur mhian leis bunriachtanais an tsaoil a thabhairt ar ais faoi smacht an phobail agus iad a dhéanamh níos inacmhainne.Ba thagairt é sin do na seirbhísí poiblí ar fad a príobháidíodh sa Bhreatain ó ré Margaret Thatcher agus de réir pholasaithe eacnamaíochta an Aontais Eorpaigh sular imigh an Bhreatain as an Aontas.[3]

Gheall sé go dtógfaí níos mó tithe comhairlí [poiblí] agus go seasfaí leis na gealltanais atá tugtha maidir le cúrsaí cosanta. Cuideofaí le daoine óga obair a fháil trí athrú a dhéanamh ar an gcóras oideachais agus dúirt Burnham go gcuirfí tacaíocht bhreise ar fáil i réimse na meabhairshláinte.

I mí Lúnasa 2026, thug Burnham le fios ag go raibh reifreann sa Tuaisceart ar athaontú na hÉireann curtha as an áireamh aige agus nach mbeadh an cheist ar aon chlár margála aige. Mhaígh sé nár thráthúil an t-am é seo le reifreann a ghairm i bhfianaise an easaontais mhóir a cothaíodh i measc daoine sa Bhreatain mar gheall ar an dá reifreann eile a bhí ann le deich mbliana – an reifreann ar imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach agus an reifreann ar neamhspleáchas na hAlban.

B'fhearr de gach duine, arsa sé, dá ndéanfadh polaiteoirí sa Tuaisceart a ndícheall le daoine a thabhairt le chéile agus dá ndíreoidís ar cheisteanna atá le réiteach go práinneach, cuir i gcas, an costas maireachtála agus an buiséad bliantúil.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ Eoin Ó Murchú (2026-03-06). "Buille mór do Starmer agus an Pairtí Glas in uachtar i Manchain" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-05-22.
  2. ↑ Máirín Ní Ghadhra (2026-05-22). "An fothoghchán a d’fhéadfadh a gcéad phríomh-aire eile a thabhairt do mhuintir na Breataine" (ga-IE). Tuairisc. Dáta rochtana: 2026-05-22.
  3. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-07-20). "Andy Burnham ceaptha mar Phríomh-Aire nua na Breataine" (as ga-IE).
  4. ↑ "Burnham an cúigiú Príomh-Aire ar an mBreatain le ceithre bliana" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-07-20). Dáta rochtana: 2026-07-21.
  5. ↑ Nuacht RTÉ (2026-08-27). "Reifreann ar athaontú na hÉireann curtha as an áireamh ag Burnham" (as ga-IE).